Conas iarratas a dhéanamh

Iarratas ar chlárú

Is féidir le hiarratasóirí ar mian leo a bheith ina bPáirtí Polaitiúil Eorpacha nó ina bhFondúireacht Pholaitiúil Eorpach iarratas a dhéanamh ar chlárú.

Ach iad a bheith cláraithe, tairbhíonn Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha d'aitheantas dlíthiúil i ngach Ballstát, agus is féidir leo cur isteach ar mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Déanfar iarratas ar chlárú a chomhdú leis an Údarás.

Maidir le hiarratas ar chlárú mar Fhondúireacht Pholaitiúil Eorpach, is tríd an bPáirtí Polaitiúil Eorpach lena bhfuil an t-iarratasóir cleamhnaithe go foirmiúil, agus tríd sin amháin, a dhéanfar an t-iarratas a chomhdú.

Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas:

  • doiciméid lena gcruthaítear go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 1141/2014, lena n-áirítear dearbhú foirmiúil caighdeánach san fhoirm a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Uimh. 1141/2014;
  • reachtanna an pháirtí nó na fondúireachta, ina bhfuil na forálacha a cheanglaítear le hAirteagal 4 agus Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1141/2014, lena n-áirítear na hiarscríbhinní ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, an ráiteas ó Bhallstát an tsuímh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán Uimh. 1141/2014;
  • na doiciméid a cheanglaítear le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe 2015/2401 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2015 maidir le hinneachar agus feidhmiú Chlár na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

Ach an t-iarratas a bheith curtha isteach, déanfaidh an tÚdarás scrúdú air chun a chinneadh an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha agus na ceanglais maidir le clárú.

Ba cheart iarratais a chur chun an Údaráis tríd an bpost agus go leictreonach freisin chun an bhosca ríomhphoist gan freagra thíosluaite:

An tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha
Rue Wiertz 60
1047 Brussels
Belgium

Parlement europeén
67070 Strasbourg
France
Cosaint sonraí pearsanta

Ní dhéanann an tÚdarás sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ach a mhéid is gá chun a chúraimí mar chomhlacht de chuid an Aontais a chomhlíonadh (ar cúraimí iad a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha).

Déantar na sonraí pearsanta go léir a láimhseáil i gcomhréir le forálacha agus ceanglais Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil, féach ar na doiciméid thíos:

Má tá tuilleadh ceisteanna agat, déan teagmháil le: