An tÚdarás

Bunaíodh Údarás na bPáirtithe Polaitiúla Eorpacha agus na bhFondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha chun críche clárú, rialú agus smachtbhannaí a fhorchur ar Pháirtithe Polaitiúla Eorpacha agus ar Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha, ar dtús de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Fanann a stádas gan athrú faoi Rialachán (AE, Euratom) 2025/2445 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2025 maidir le reacht agus maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (athmhúnlú), a chuireann Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ina ionad.

School competition on EU democracy

The Authority, following the jury's recommendations, has selected the winners of this year's school competition: the 1st Bachillerato A class from IES Manuel de Falla in Coslada, Madrid, Spain (EU), and Class 11B from Liceul Teoretic "Gheorghe Asachi" in Chișinău, Moldova (special prize). You can download the essays here.
An tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha

Rue Wiertz 60
1047 Brussels
Belgium

Parlement européen
67070 Strasbourg
France



Is í Parlaimint na hEorpa a dhéanann suíomh gréasáin an Údaráis a dhearadh, a fhorbairt, a óstáil agus a chothabháil. Dá bhrí sin, tá feidhm freisin ag beartas príobháideachais Pharlaimint na hEorpa i ndáil le bainistiú sonraí pearsanta trí shuíomh gréasáin Europarl maidir le suíomh gréasáin an Údaráis.