Conas iarratas a dhéanamh

Iarratas ar chlárú

Is féidir le hiarratasóirí ar mian leo a bheith ina bPáirtí Polaitiúil Eorpacha nó ina bhFondúireacht Pholaitiúil Eorpach iarratas a dhéanamh ar chlárú.

Ach iad a bheith cláraithe, tairbhíonn Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha d'aitheantas dlíthiúil i ngach Ballstát, agus is féidir leo cur isteach ar mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Déanfar iarratas ar chlárú a chomhdú leis an Údarás.

Maidir le hiarratas ar chlárú mar Fhondúireacht Pholaitiúil Eorpach, is tríd an bPáirtí Polaitiúil Eorpach lena bhfuil an t-iarratasóir cleamhnaithe go foirmiúil, agus tríd sin amháin, a dhéanfar an t-iarratas a chomhdú.

Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas:

  • doiciméid lena gcruthaítear go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE, Euratom) 2025/2445, lena n-áirítear dearbhú foirmiúil caighdeánach san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE, Euratom) 2025/2445;

  • reachtanna an pháirtí nó na fondúireachta, ina bhfuil na forálacha a cheanglaítear le hAirteagail 4 agus 6 de Rialachán (AE, Euratom) 2025/2445, lena n-áirítear na hiarscríbhinní ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, ráiteas Bhallstát na suíochána dá dtagraítear in Airteagal 20(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2025/2445;
  • faisnéis maidir le céannacht na ndaoine atá ina gcomhaltaí de chomhlachtaí nó a bhfuil oifigí acu ar a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla dílsithe;
  • faisnéis fhorlíontach nó doiciméad tacaíochta a chuirfidh ar chumas an Údaráis an t-iarratas a mheas.

Nuair a bheidh sé curtha isteach, scrúdóidh an tÚdarás an t-iarratas chun a chinneadh an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha agus na ceanglais maidir le clárú.

Ba cheart iarratais a sheoladh chuig an Údarás tríd an bpost agus freisin go leictreonach chuig an seoladh ríomhphoist thíos.

An tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha
Rue Wiertz 60
1047 Brussels
Belgium

Parlement europeén
67070 Strasbourg
France
Cosaint sonraí pearsanta

Ní dhéanann an tÚdarás sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ach a mhéid is gá chun a chúraimí mar chomhlacht de chuid an Aontais a chomhlíonadh (ar cúraimí iad a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha).

Déantar na sonraí pearsanta go léir a láimhseáil i gcomhréir le forálacha agus ceanglais Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil, féach ar na doiciméid thíos:

Má tá tuilleadh ceisteanna agat, déan teagmháil le: