Fondúireachtaí Cláraithe

Liosta d'Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha cláraithe

Sna doiciméid seo a leanas tá ainmneacha agus reachtanna na bhFondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha cláraithe uile, mar aon leis na doiciméid a cuireadh isteach mar chuid dá n-iarratais ar chlárú.

Clár Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha

De bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 agus Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) 2015/2401 ón gCoimisiún, bainistíonn an tÚdarás Clár Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha agus eisíonn sé sleachta caighdeánacha. Is féidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha sleachta caighdeánacha as an gClár a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh leis an seoladh ríomhphoist thíos agus foirm iarrata shimplí a líonadh isteach (a bhfuil nasc chuici thíos). Seachadtar sleachta caighdeánacha laistigh de 10 lá oibre tar éis an iarraidh a bheith faighte.

Is féidir leis an Údarás freisin deimhniúchán na faisnéise atá sna sleachta caighdeánacha a sholáthar d'institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, d'údaráis agus cúirteanna na mBallstát, agus freisin do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, i gcás inar gá sin a dhéanamh le haghaidh nósanna imeachta dlíthiúla nó riaracháin agus ar iarraidh atá réasúnaithe go hiomchuí a chur isteach. Chun deimhniúchán a fháil, lean an nós imeachta céanna a leagtar amach thuas maidir le sleachta caighdeánacha agus líon isteach foirm iarrata réasúnaithe (a bhfuil nasc chuici thíos). D'fhéadfadh sé go mbeadh níos mó ná 10 lá oibre i gceist leis an bpróiseas deimhniúcháin, ag brath ar ábhar na hiarrata.