Coiste IEP

Is é atá sa Choiste Daoine Neamhspleácha Oirirce comhlacht comhairleach a ghlacann páirt i nósanna imeachta fíorúcháin an Údaráis de bhun Airteagail 10, 10a agus 11 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. Tá sé comhdhéanta de sheisear comhaltaí san iomlán, agus déanann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún beirt chomhaltaí an ceann a cheapadh.

Tuairimí

Tá baint ag an gCoiste Daoine Neamhspleácha Oirirce, i ról comhairleach, le nósanna imeachta fíorúcháin áirithe arb é is toradh orthu go bhforchuirtear smachtbhannaí ar Pháirtithe Polaitiúla Eorpacha agus ar Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha.

Níor thug an Coiste Daoine Neamhspleácha Oirirce aon tuairim uaidh go nuige seo.