Structural aspects

Bunaithe ar an taithí a fuarthas i gcur i bhfeidhm praiticiúil Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (an "Rialachán") le blianta beaga anuas, déanann an tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha ("an tÚdarás") a ndícheall rochtain a thabhairt ar shraith gnéithe neamh-uileghabhálacha treorach do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d'fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Ní dhéanfaidh aon treoir a chuirfidh an tÚdarás ar fáil difear do chineál ceangailteach díreach Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. Ina theannta sin, beidh treoir den sórt sin fós faoi réir a oiriúnaithe de réir mar a chuirfidh taithí leis an bhforbairt agus/nó leis na hathruithe ar an gcreat reachtach.

Fíorchomhaltas

· Tá gá le fíornasc ballraíochta leis na ballpháirtithe nó leis na balleagraíochtaí. Tá fíornasc ballraíochta ann, inter alia, má tá raon iomlán de chearta agus oibleagáidí ag ballpháirtithe nó ag balleagraíochtaí, e.g. cearta agus oibleagáidí maidir le vótáil/rannpháirtíocht/rochtain ar dhoiciméid.

· Ina theannta sin, má tá fíornasc ballraíochta ann ní mór táille bhallraíochta iomchuí a íoc. Go dtí go n-íoctar táille bhallraíochta den sórt sin, tá fianaise ag teastáil gur ghlac an ballpháirtí nó an balleagraíocht páirt go fírinneach agus go follasach i ngníomhaíochtaí an iarratasóra ar chlárú.

· Chun fíorchomhaltas maidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha a fhionnadh, féadfaidh an tÚdarás a fhíorú freisin an bhfuil neamhréireacht fhollasach idir clár polaitiúil an iarratasóra ar chlárú mar pháirtí polaitiúil Eorpach agus clár polaitiúil aon cheann dá bhallpháirtithe.

Scaradh idir páirtí polaitiúil Eorpach agus a fhondúireacht pholaitiúil Eorpach chleamhnaithe

  • De réir Airteagal 3(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, ní mór a áirithiú gurb ann do scaradh idir an bhainistíocht laethúil, na struchtúir rialaithe agus na cuntais airgeadais faoi seach de gach páirtí polaitiúil Eorpach agus an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach chleamhnaithe.
    • Maidir leis na struchtúir rialachais faoi seach, ciallaíonn sé seo go háirithe go gcaithfidh comhlachtaí rialaithe an dá eagraíocht fanacht ní hamháin éagsúil lena chéile go foirmeálta, ach freisin de bheith in ann, ó thaobh struchtúir de, cinntí rialachais a ghlacadh neamhspléach ar a chéile go hiarbhír.

      • I measc na sonraí atá le meas i ndáil leis seo, tá na nósanna imeachta cinnteoireachta atá i reachtanna nó forálacha cur chun feidhme an dá eagraíocht, go háirithe maidir le tomhas a dhéanamh ar chearta vótála an tsealbhóra oifige i gcomhlachtaí rialaithe an dá eagraíocht agus aon chumhachtaí feidhmiúcháin a dhílsítear go díreach don sealbhóir oifige sin.

      • Dá réir sin, ba cheart é a eisiamh gur féidir leis an duine i gceist, ar a rún féin agus gan gá tromlach a lorg i mbord rialaithe na heagraíochta sin, cinneadh a fhorchur ar cheann den dá eagraíocht , arna ghlacadh ag an eagraíocht eile faoi seach nó thar a ceann. D'fhéadfadh sé go mbeadh tábhacht bhreise leis nacumhachtaí a dhílsítear don oifig atá beartaithe don duine sin.

      • Maidir leis an mbainistíocht laethúil, níl cead céannacht iomlán foirne a bheith ann. I gcás forluí páirteach, mionscrúdóidh an tÚdarás má tá leibhéal leordhóthanach de neamhspleáchas oibríochtúil ag an dá eintiteas ann i gcónaí.

Coimircí i gcoinne trasnaíocht eachtrach

  • I gcomhréir le Airteagal 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maille le hAirteagail 2(1), 2(4), 3(1)(b) agus 3(2)(e) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, caithfidh difríochtaí áirithe a tharraingt idir saoránaigh nó eintitis an Aontais agus saoránaigh nó eintitis nach den Aontas iad ina gcuid caidreamh le páirtithe polaitiúla Eorpacha nó fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Seachas na hiarmhairtí do ranníocaíochtaí agus deonacháin, ní mór a bheith san airdeall maidir leis an méid rannpháirtíochta atá ag saoránaigh nó eintitis nach den Aontas iad i struchtúir rialachais na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

  • Go háirithe, ní mór a áirithiú nach féidir leo siúd nach bhfuil saoránacht an Aontais acu nó ar eintitis nach den Aontas iad a bheith in ann, ina n-aonar nó le chéile,

    • gníomhaíocht a fhorchur i gcoinne, nó

    • bac a chur ar, tromlach de shaoránaigh an Aontais a chaitheann vótaí nó de bhaill comhlachtaí rialaithe de Pháirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach.