Páirtithe Cláraithe

Liosta na bPáirtithe Polaitiúla Eorpacha cláraithe

Sna doiciméid seo a leanas tá ainmneacha agus reachtanna na bPáirtithe Polaitiúla Eorpacha cláraithe uile, mar aon leis na doiciméid arna gcur isteach mar chuid dá n-iarratais ar chlárú.

Féach anseo torthaí na dtoghchán deireanach do Pharlaimint na hEorpa.


"Tá fine pholaitiúil PPE suite sa lár agus ar dheis ón láir i gcóras polaitíochta na hEorpa. Cuirimid an duine i gcroílár ár gcreidimh. Tá ár gcuid gníomhaíochtaí bunaithe ar phrionsabail an cheartais agus ar an leas coiteann, ar an dlúthpháirtíocht agus ar an bhfreagracht. Cosnaímid Aontas Eorpach láidir atá bunaithe ar an daonlathas iolraíoch, ar an ngeilleagar margaidh sóisialta agus ar inbhuanaitheacht an chomhshaoil. "

"Tugann Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha le chéile an páirtí sóisialach, an páirtí sóisialta daonlathach agus an páirtí lucht oibre de chuid Aontais Eorpaigh, na Ríochta Aontaithe agus na hIorua. I gcomhar lenár bpáirtithe comhlachaithe agus breathnóireachta, déanaimid ár luachanna coiteanna ó thaobh cothroime shóisialta, comhionannais agus dea-bhail shochaíoch de a chur chun cinn agus seasaimid go láidir ar son Eoraip fhorásach, chothrom, shaor agus inbhuanaithe."

"Tá ár bhfís liobrálach bunaithe ar mhór-roinn shaor, dhaonlathach, fhiontraíoch, inbhuanaithe agus aontaithe atá oscailte don domhan. Is luachanna Liobrálacha iad luachanna na hEorpa. San Fhorógra tugaimid gealltanas bunluachanna a chosaint i measc fórsaí frithliobrálacha atá ag dul i méid, an Eoraip a neartú, Eoraip ceannródaíoch agus rathúil a threisiú, agus Eoraip níos liobrálaí a thógáil do chách."

"Tugann an Páirtí Daonlathach Eorpach (PDE) le chéile páirtithe polaitiúla agus Feisirí ar mian leo Aontas a bheith níos gaire dá chuid saoránach. Is gluaiseacht pholaitiúil thrasnáisiúnta muid atá tiomanta do dhaonlathas Eorpach a thógáil a bheidh bunaithe ar luachanna coiteanna na síochána, na saoirse, na dlúthpháirtíochta agus an oideachais, agus ag an am céanna a chultúr á dhearbhú go bród i saol na todhchaí.2

"Seasann agus gníomhaíonn Páirtí Glas na hEorpa do chlaochlú polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch bunaithe ar luachanna na freagrachta comhshaoil, an cheartais shóisialta, an chuimsithe, na héagsúlachta agus na síochána. In éineacht lenár mballpháirtithe, tacaímid le beartais agus le gníomhaíochtaí chun dúshlán an athraithe aeráide agus na míchothromaíochtaí sóisialta atá ag dul i méid a chomhrac, agus ag an am céanna infheistiú a dhéanamh in Eoraip níos glaise, níos sábháilte agus níos freagraí a thógáil, Eoraip nach bhfágfar aon duine ar lár. "

"Cuireann an tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach (SCE) an ceart chun féinchinntiúcháin dhaonlathaigh chun cinn agus tacaíonn sí le mianta na ndaoine a dtodhchaí pholaitiúil féin a roghnú, lena n-áirítear neamhspleáchas, breis uathrialachais nó aitheantas teanga agus cultúrtha do mhionlaigh. Tá sé mar aidhm ag SCE aontacht na hEorpa san éagsúlacht a bhaint amach bunaithe ar phrionsabal na coimhdeachta agus an cheartais shóisialta."

"Táimid aontaithe ag ár luachanna lárnacha ar dheis. Tá Páirtí ECR tiomanta don tsaoirse aonair, don cheannasacht náisiúnta, don daonlathas parlaiminteach, don mhaoin phríobháideach, don rialtas teoranta, don tsaorthrádáil, do luachanna teaghlaigh agus do chineachadh cumhachta. Is iad na luachanna sin is bonn leis an bpolaitíocht, lena n-áirítear an fhís atá againn d’Aontas Eorpach athchóirithe."

"Tugaimid le chéile páirtithe daonlathacha na heite clé malartaí agus forásaí ar mhór-roinn na hEorpa agus féachann sé le caidreamh sóisialta an lae inniu a bhunathrú ina shochaí atá síochánta agus atá cóir go sóisialta ar bhonn éagsúlacht ár gcásanna, ár staire agus ár luachanna comhchoiteanna. Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar https://www.europeanleft.org/manifesto/"

"Is í Gluaiseacht Pholaitiúil Chríostaí na hEorpa (ECPM) an t-aon pháirtí polaitiúil a dhéanann luachanna Críostaí a chur chun cinn go sainráite i bpolaitíocht na hEorpa faoi sheacht dtosaíocht shonracha pholaitiúla: Dínit an duine Teaghlaigh shláintiúla; Geilleagar ar chun leasa do dhaoine agus don phláinéad é; Saoirse, Slándáil agus Cobhsaíocht’ Sclábhaíocht Nua-aimseartha a Chomhrac; An tAontas Eorpach a Athchóiriú; An Cultúr agus an Oidhreacht Chríostaí a Chaomhnú."

Séanadh

Tá na cláir pholaitiúla achoimre a sholáthraítear anseo dréachtaithe ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha chun críocha faisnéise amháin. Is é an clár polaitiúil oifigiúil an clár atá i reachtanna an pháirtí faoi seach i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(c) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. Níl an tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha freagrach as inneachar chláir pholaitiúla na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha.

Clár Páirtithe Polaitiúla Eorpacha

De bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 agus Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) 2015/2401 ón gCoimisiún, bainistíonn an tÚdarás Clár Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha agus eisíonn sé sleachta caighdeánacha. Is féidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha sleachta caighdeánacha as an gClár a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh leis an seoladh ríomhphoist thíos agus foirm iarrata shimplí a líonadh isteach (a bhfuil nasc chuici thíos). Seachadtar sleachta caighdeánacha laistigh de 10 lá oibre tar éis an iarraidh a bheith faighte.

Is féidir leis an Údarás freisin deimhniúchán na faisnéise atá sna sleachta caighdeánacha a sholáthar d'institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, d'údaráis agus cúirteanna na mBallstát, agus freisin do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, i gcás inar gá sin a dhéanamh le haghaidh nósanna imeachta dlíthiúla nó riaracháin agus ar iarraidh atá réasúnaithe go hiomchuí a chur isteach. Chun deimhniúchán a fháil, lean an nós imeachta céanna a leagtar amach thuas maidir le sleachta caighdeánacha agus líon isteach foirm iarrata réasúnaithe (a bhfuil nasc chuici thíos). D'fhéadfadh sé go mbeadh níos mó ná 10 lá oibre i gceist leis an bpróiseas deimhniúcháin, ag brath ar ábhar na hiarrata.